Gearr chúrsa nua Páirt Aimseartha i dTeicneolaíocht Faisnéise
agus Feidhmiúcháin Ríomhairí trí mheán na Gaeilge
Beidh gearr chúrsa Páirt Aimseartha i dTeicneolaíocht
Faisnéise agus Feidhmiúcháin Ríomhairí ar fáil ó Scoil na Ríomhaireachta,
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Mean Fómhair 2007.
Múinfear an cúrsa seo i dTeicneolaíocht Faisnéise
(TF) agus Feidhmiúcháin Ríomhairí trí mheán na Gaeilge. Tá sé dírithe go
príomha ar mhúinteoirí ag an céad agus an dara leibhéal, chomh maith le
léachtóirí agus an pobal i gcoitinne ar mian leo a gcuid scileanna TF agus
ríomhaireachta a fheabhsú agus teastas a bhaint amach i TF as Gaeilge trí
ghearrchúrsa FGL (Forbairt Ghairmiúil Leanúnach) a dhéanamh.
An aidhm atá leis an cúrsa seo ná buntús bogearraí TF
agus feidhmiúcháin ríomhairí i gcomhthéacs na Gaeilge a mhúineadh, chun go
mbeidh sé ar chumas na mac léinn iad a úsáid le heolas a chruthú, a ionramháil,
a léiriú agus a scaipeadh.
Beidh an cúrsa seo á reáchtáil thar tréimhse dhá
sheimeastar, dhá uair an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine a bheidh i
gceist i bhfoirm seisiún amháin dhá uair an chloig ar fhad i mbun obair
phraiticiúil sa tsaotharlann, 19.00 – 21.00 gach Máirt (sealadach).
Má críochnaíonn
na mic léinn an cúrsa go sásúil beidh Teastas
Ghearrchúrsa FGL (Forbairt
Ghairmiúil Leanúnach) i dTeicneolaíocht
Faisnéise (TF) agus Feidhmiúcháin Ríomhairí trí mheán na Gaeilge le fáil dóibh ón Institiúid
Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Tá sé de
riachtanais chun freastal ar an gcúrsa seo go mbeidh na h-iarratasóirí oilte in
usáid riomhairí agus go mbeidh taithí acu i Windows. Ní cúrsa é do
thosaitheoirí i TF agus Feidhmiúcháin.
Tá foirm
iarratais ar fáil anseo.
Glacfar le
hiarratais suas go dtí Dé Máirt 11 Meán Fómhair 2007. Beidh clárú d’iarrthóirí
oiriúnacha ar an 12 & 13 Meán Fómhair ón 6.30pm – 8.00pm i DIT Sráid
Chaoimhín. Glacfar le hiarratais dhéanacha má bhíonn áiteanna fós le líonadh.
An táille don
chúrsa ná 360 Euro, an t-iomlán le n-íoc roimh tús an chúrsa.
Tá tuilleadh
eolais ar fáil ón
An Rúnaí nó Daithí Ó
Cearrbhaill
Scoil na Ríomhaireachta Scoil
na Ríomhaireachta
DIT Sráid Caoimhín DIT
Sráid Chaoimhín
Baile Átha Cliath 8. Baile
Átha Cliath 8.
F: +353 1 402 2840 F:
+353 1 402 4710
F: +353 1 402 4985 F:
+353 1 402 4985
R: teastas-fgl-tf@comp.dit.ie R:
teastas-fgl-tf@comp.dit.ie